Beartais Chuntasaíochta
Tá na beartais shuntasacha chuntasaíochta a úsáideadh in ullmhú na ráiteas airgeadais seo leagtha amach thíos. Tá na beartais seo curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach sna blianta airgeadais go léir atá curtha i láthair ach amháin má luaitear a mhalairt. Ghlac an Chuideachta le FRS 102 den chéad uair riamh i ráitis airgeadais 2015.
Bunús an ullmhúcháin
Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir choinbhinsiún an chostais stairiúil, mar atá leasaithe ag tomhas na maoine infheistíochta agus sócmhainní agus dliteanas airgeadais áirithe ar luach cóir trí bhrabús nó chaillteanas.
Chun na ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir le FRS 102 is gá úsáid a bhaint as boinn tuisceana lárnacha áirithe maidir leis an todhchaí, agus foinsí eile éiginnteacht meastacháin ar dháta an tuairiscithe. Chomh maith leis sin, ceanglaíonn sé ar na Stiúrthóirí a mbreithiúnas a dhéanamh agus beartais chuntasaíochta na Cuideachta á gcur i bhfeidhm. Nochtar i nóta 3 na réimsí ina bhfuil leibhéal níos airde de bhreithiúnas ag teastáil nó réimsí ina bhfuil baol nach beag ann go gcuirfidh boinn tuisceana agus meastacháin le coigeartú ábhartha ar ghlanluach sócmhainní agus dliteanas laistigh den chéad bhliain airgeadais eile.
Gnóthas leantach
Ullmhaítear na ráitis airgeadais rialála ar bhonn gnóthais leantaigh cuntasaíochta. Tá na Stiúrthóirí tar éis machnamh cúramach a dhéanamh ar úsáid bhonn an ghnóthais leantaigh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú acu. Tar éis dóibh a n-athbhreithniú a thabhairt chun críche, tá na Stiúrthóirí tar éis a thuairisciú go bhfuil siad sásta agus go gceapann siad go bhfuil sé cuí gur gnóthas leantach é an Chuideachta, agus go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu le leanúint ag oibriú go ceann i bhfad. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh acu, chuir na Stiúrthóirí iarmhairtí reatha agus measta na ráige Covid-19 ar ghníomhaíochtaí na Cuideachta san áireamh.
Aithint ioncaim
Déantar ioncam a thomhas ar luach cóir na comaoine a fhaightear nó atá infhaighte agus is ionann é agus an méid atá infhaighte le haghaidh seirbhísí arna soláthar, glan ó thorthaí, lascainí agus lacáistí arna gceadú ag an gCuideachta agus cánacha breisluacha.
Aithníonn an Chuideachta ioncam áit ar féidir méid an ioncaim agus na gcostas a thomhas go hiontaofa; is dócha go rachaidh tairbhí amach anseo chuig an aonán agus nuair a bheidh na critéir comhlíonta a bhaineann le gach ceann de chainéil díolacháin na Cuideachta, mar a chuirtear síos air thíos.
Dleachtanna Poirt
Eascraíonn Dleachtanna Poirt ó mhuirir ar úsáideoirí poirt agus tá siad comhdhéanta de dhleachtanna earraí, dleachtanna árthaí agus seirbhísí lárnacha eile a chuirtear ar fáil ar nós tuáil agus píolótaíochta. Gearrtar Dleachtanna Earraí de réir sceideal muirear atá bunaithe ar Aicmithe Trádála Idirnáisiúnta Caighdeánacha. Gearrtar Dleachtanna Árthaí i dtaobh theacht árthaigh agus tá rátaí bunaithe agus inmhuirir ar ghlantonnáiste nó leath d’olltonnáiste an árthaigh, cibé acu is mó. Is ar bhonn úsáide a ghearrtar muirir as Seirbhísí Tuála agus Píolótaíochta.
Aithnítear Dleachtanna Poirt de réir an dáta ar a dtagann an t-árthach isteach sa Phort.
Cíosanna
Eascraíonn ioncam cíosa go príomha as maoin ar cíos a bhaineann leis an bport agus aithnítear é de réir na tréimhse lena mbaineann an cíos. Is de réir théarmaí an chomhaontaithe cíosa a ghearrtar cíos.
Ioncam Reatha Eile
I measc ioncam eile atá cuimsithe i Láimhdeachas,tá Táillí Ceadúnais agus ioncam ó Stáisiún Seirbhíse agus Páirc Trucailí comhtháite na Cuideachta. Aithnítear ioncam de réir na tréimhse lena mbaineann an t-ioncam.
Ioncam Eile
Ina theannta sin tuilleann na Cuideachta ioncam ó ús agus dheontais. Tugtar cuntas i leith gach ceann de na sruthanna ioncaim sin mar atá leagtha amach thíos:
Ioncam Úis
Aithnítear ioncam úis trí mhodh an ráta úis ghlain. Cuirtear ioncam úis i láthair mar ‘ús infhaighte’ sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais.
Ioncam Deontais
Cuireann an Chuideachta an tsamhail fabhruithe i bhfeidhm agus ioncam deontais á aithint.
Aithnítear deontais a bhaineann le hioncam ar bhonn córasach i gcaitheamh na dtréimhsí ina n-aithníonn an Chuideachta na costais bhainteacha a bhfuil an deontas ceaptha le cúiteamh. Maidir le deontas atá infhaighte den chéad uair mar chúiteamh ar speansais a tabhaíodh cheana féin, agus gan aon chostais bhainteacha a bheith i gceist sa todhchaí, aithnítear mar ioncam é sa tréimhse ina bhfuil sé infhaighte den chéad uair.
Aithnítear deontais a bhaineann le sócmhainní in ioncam ar bhonn córasach thar shaolré úsáideach mheasta na sócmhainne. Áit a ndéantar deontas a bhaineann le sócmhainn a iarchur aithnítear mar ioncam iarchurtha é agus ní asbhaintear é de ghlanluach na sócmhainne.
Ní aithnítear ioncaim go dtí go bhfuiltear cinnte go réasúnta:
- go gcomhlíonfaidh an Chuideachta na coinníollacha a ghabhann leo; agus
- go bhfaightear na deontais.
Áit a dtagann deontas chun bheith infhaighte aithnítear mar dhliteanas é nuair a réitíonn an aisíocaíocht leis an sainmhíniú ar dhliteanas.
Sócmhainní seasta inláimhsithe
(i) Costas
Sonraítear sócmhainní seasta inláimhsithe ag costas ar dháta an aistrithe chuig FRS 102, lúide dímheas carntha agus caillteanais charntha i ndáil le bearnúchan, ach amháin maoin infheistíochta na Cuideachta, a shonraítear ag luach cóir. Féach le do thoil an beartas ar leith maidir le maoin infheistíochta thíos.
Cuimsítear sa chostas an bunchostas ceannaigh, costais atá inchurtha go díreach i leith an tsócmhainn a thógáil chuig a hionad oibre agus chuig an riocht dá húsáid cheaptha, costais díchóimeála agus aisghabhála agus costais iasachta caipitlithe.
Is iad sócmhainní bonneagair ná na sócmhainní sin atá tréithrithe mar shaol úsáideach beagnach gan teorainn a bheith acu agus a tógadh, go ginearálta, roinnt blianta ó shin ach nach cosúil go dtógfaí mar sin sa lá atá inniu ann. Ina measc tá sócmhainní Balla an Bhulla Thuaidh agus Balla an Bhulla Theas. Iompraítear sócmhainní bonneagair ar luach nialais agus gearrtar an costas as a gcothabháil chun an Chuntas Brabúis agus Caillteanais.
(ii) Dímheas agus luachanna iarmharacha
Ríomhtar dímheas ar shócmhainní, agus úsáid á baint as modh na líne dírí, chun an costas a leithdháileadh ar a luachanna iarmharacha thar an saol úsáideach measta mar seo a leanas:
Foirgnimh, céanna, bóithre agus críochfoirt | 50 bliain |
Struchtúir duga, dugaí tirime agus céanna | 30 - 50 bliain |
Dreidireacht chaipitil | 30 bliain |
Árthaí ar snámh | suas go 30 bliain |
Craenacha | suas go 30 bliain |
Gléasra agus innealra | 2 - 30 bliain |
Déantar athbhreithniú ar luachanna iarmharacha agus saol úsáideach na sócmhainní, agus déantar iad a choigeartú, más cuí, ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe. Is ar bhonn ionchasach a thugtar cuntas i leith éifeacht aon athraithe.
(iii) Breiseanna ina dhiaidh sin agus comhpháirteanna móra
Cuimsítear aon chostais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear cigireachtaí móra, i nglanluach na sócmhainne nó aithnítear mar shócmhainn ar leith iad, más cuí, ach ní dhéantar é sin ach amháin más dócha go mbainfidh an Chuideachta tairbhe as buntáistí eacnamaíocha an earra agus go mbeifear in ann an costas a thomhas go hiontaofa.
Dí-aithnítear glanluach aon chomhpháirte a gcuirtear ceann nua ina hionad. Déileáiltear le comhpháirteanna móra mar shócmhainn ar leith má tá patrúin úsáide agus tairbhí eacnamaíochta atá difriúil go leor ag baint leo agus má dhéantar iad a dhímheas ar leith thar a saolré úsáideach.
Cláraítear mar chaiteachas costais deisiúcháin, cothabhála agus mionchigireachta de réir mar a fhulaingítear iad.
(iv) Sócmhainní le linn tógála
Is ag costas a iompraítear sócmhainní le linn tógála. Ní dhéantar na sócmhainní sin a dhímheas go mbeidh siad ar fáil le húsáid.
(v) Dí-aithint
Déantar sócmhainní inláimhsithe a dhí-aithint nuair a dhiúscraítear iad nó áit nach bhfuil súil le haon tairbhí eacnamaíocha amach anseo. Nuair a dhiúscraítear sócmhainn, aithnítear an difríocht idir glanfháltais an diúscartha agus an glanluach i mbrabús nó caillteanas agus cuirtear i “Brabús ar dhiúscairt sócmhainní” é.
Dreidireacht
Déantar dreidireacht chaipitil, a fheabhsaíonn an bealach isteach go dtí an Port nó bonneagar an Phoirt, a chaipitliú mar chuid den tsócmhainn sheasta ghaolmhar agus déantar é a dhímheas thar a saolré úsáideach mheasta.
Ionaid Réadmhaoine infheistíochta
Déanann an Chuideachta maoin infheistíochta a thomhas ag a costas nuair a aithnítear i dtosach í. Tá an costas as maoin infheistíochta cheannaithe déanta suas dá praghas ceannaigh agus d’aon chostas atá inchurtha díreach ina leith ar nós táillí gairmiúla as seirbhísí dlí, cánacha um aistriú maoine agus costais idirbhirt eile. Cláraítear costais arna bhfulaingt agus staidéir mhargaidh á ndéanamh sula gceannaítear maoin de réir mar a fhulaingítear iad.
Déantar maoin infheistíochta ar féidir a luach cóir a thomhas go hiontaofa gan chostas ná iarracht iomarcach ar luach cóir ar gach dáta tuairiscithe agus aithnítear athruithe ar luach cóir i mbrabús nó caillteanas.
D’fhostaigh an Chuideachta speisialtóirí luachála neamhspleácha chun luach cóir na réadmhaoine infheistíochta a shocrú ar an 31 Nollaig 2019. Mínítear níos mó i nóta 11 na boinn tuisceana lárnacha a úsáidtear chun luach cóir na réadmhaoine infheistíochta a shocrú.
Cé gur gnách go n-éileofaí dímheas córasach bliantúil ar shócmhainní seasta de réir Acht na gCuideachtaí, creideann na Stiúrthóirí go bhfuil gá leis an mbeartas maidir le gan dímheas a sholáthar chun go dtabharfadh na ráitis airgeadais dearcadh fíor agus cóir, ós rud é gurb é luach reatha na maoine infheistíochta, agus athruithe ar a luach, atá ríthábhachtach in ionad dímheas bliantúil córasach a ríomh. Níl i ndímheas ach ceann amháin de na fachtóirí éagsúla atá léirithe sa luacháil bhliantúil, agus ní féidir an méid, a d’fhéadfadh go gcuirfí san áireamh é murach sin, a aithint nó a chainníochtú as féin.
Sócmhainní doláimhsithe
Iompraítear bonneagar ríomhaire ar chostas lúide caillteanais amúchta carntha agus caillteanais bearnúcháin carntha. Déantar bogearraí a amúchadh thar a saolré úsáideach mheasta, mar atá 10 mbliana, ar bhonn líne dírí. Ní mheastar go bhfuil luach iarmharach ag bogearraí. Áit a dtugann fachtóirí, ar nós dul chun cinn teicneolaíoch nó athruithe ar phraghsanna margaidh, le fios go bhfuil athrú tagtha ar shaolré úsáideach bogearraí, déantar an saolré úsáideach a athrú ar bhonn ionchasach chun na cúinsí nua a léiriú. Déantar sócmhainní seasta doláimhsithe a athbhreithniú le haghaidh bearnúcháin má thugtar le fios go bhféadfadh go mbeadh bearnúchán ag baint leis an tsócmhainn sheasta doláimhsithe.
Bearnú sócmhainní neamhairgeadais
Ar dháta gach Cláir Comhardaithe, déantar sócmhainní neamhairgeadais nach bhfuil á n-iompar ar luach cóir a mheas chun a dheimhniú an amhlaidh go bhféadfadh an tsócmhainn (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne) a bheith bearnaithe. Má tá a leithéid de chomhartha ann meastar luach inaisghabhála na sócmhainne (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne).
Is é luach inaisghabhála na sócmhainne (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne) ná luach cóir na sócmhainne lúide costais agus luach úsáide na sócmhainne, cibé acu is airde. Is é an luach úsáide ná luach reatha na sreafaí airgid don todhchaí a meastar go gcinnfidh siad ó úsáid leanúnach na sócmhainne (nó an t-aonad giniúna airgid) agus óna diúscairt sa deireadh. Agus luach úsáide á thomhas déantar sreafaí airgid réamhchánach agus úis a lascainiú agus úsáid á baint as ráta lascaine réamhchánach a léiríonn an ráta margaidh reatha saor ó riosca agus na rioscaí atá sonrach don tsócmhainn ná athraíodh na meastacháin shreabhadh airgid don todhchaí lena haghaidh.
Má mheastar go bhfuil méid inaisghabhála na sócmhainne (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne) níos ísle ná an glanluach, laghdaítear an glanluach chuig a luach inaisghabhála. Aithnítear caillteanas bearnúcháin sa chuntas Brabúis agus Caillteanais, ach amháin má rinneadh an tsócmhainn a athluacháil áit a n-aithnítear an méid in aon Ioncam Cuimsitheach eile go méid atá comhionann le haon athluacháil aitheanta roimhe sin. Ina dhiaidh sin aithnítear aon bharrachas i mbrabús nó caillteanas.
Má bhíonn aisiompú i gceist le caillteanas bearnúcháin ag tráth níos déanaí, méadaítear glanluach na sócmhainne (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne) chuig meastachán athbhreithnithe a méid inaisghabhála, ach ní dhéantar amhlaidh ach amháin sa mhéid nach sáraíonn an glanluach athbhreithnithe an glanluach a dhéanfaí a shocrú (glan ó dhímheas) mura n-aithneofaí aon chaillteanas bearnúcháin i dtréimhsí roimhe sin. Aithnítear aisiompú maidir le caillteanas bearnúcháin sa chuntas Brabúis agus Caillteanais, ach amháin má thugtar ar aghaidh an tsócmhainn ag méid athluacháilte.
Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim
Cuimsíonn airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim airgead ar láimh, taiscí ar glao le bainc, agus infheistíochtaí gearrthéarmacha ardleachtachta eile a bhfuil aibíocht bhunaidh trí mhí nó níos lú ag baint leo. Maidir le taiscí bainc a bhfuil dátaí aibíochta tosaigh acu de níos mó ná trí mhí ní airgead ná coibhéisí airgid iad agus cuirtear i láthair iad mar infheistíochtaí sócmhainne reatha.
Fardail
Sonraítear fardail ag costas. Is míreanna intomhalta iad fardail agus aithnítear mar speansas iad sa tréimhse ina n-úsáidtear iad.
Áirítear leis an gcostas an costas ceannaigh, agus áit is cuí, dleachtanna ar allmhairí agus costais iompair.
Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déantar measúnú ar shócmhainní chun aon bhearnúchán a aimsiú. Má tá mír san fhardal bearnaithe, laghdaítear an fardal aitheanta go dtí a mhéid inaisghabhála agus aithnítear muirear bearnúcháin sa chuntas Brabúis agus Caillteanais. Áit a n-aithnítear aisiompú an bhearnúcháin, cealaítear an muirear bearnúcháin, suas go dtí an caillteanas bearnúcháin tosaigh, agus aithnítear mar chreidmheas é a chuntas Brabúis agus Caillteanais.
Airgeadraí eachtracha
(i) Airgeadra feidhmiúil agus tuairiscithe
Is é airgeadra feidhmiúil agus tuairiscithe na Cuideachta ná an euro, agus é ainmnithe ag an tsiombail “€” agus mura sonraítear a mhalairt, tá na ráitis airgeadais tuairiscithe sna mílte (‘000).
(ii) Idirbhearta agus iarmhéideanna
Aistrítear idirbhearta in airgeadra eachtrach go dtí an t-airgeadra feidhmiúil agus úsáid á baint as rátaí malairte ar an láthair ar dhátaí na n-idirbheart.
Ag deireadh gach tréimhse aistrítear míreanna airgid airgeadra go Euro agus an ráta reatha á úsáid. Aistrítear míreanna neamhairgid arna dtomhas ag costas stairiúil agus úsáid á baint as an ráta malairte ar dháta an idirbhirt agus déantar míreanna neamhairgid arna dtomhas ag luach cóir a thomhas agus úsáid á baint as an ráta malairte a bhí i bhfeidhm nuair a socraíodh an luach cóir.
Aithnítear sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí ag eascairt ó shocrú idirbheart agus ón aistriú ag rátaí malairte dheireadh na tréimhse le haghaidh sócmhainní agus dliteanas airgeadais ainmnithe in airgeadraí eachtracha.
Cuirtear gnóthachain agus caillteanais airgeadra eachtraigh a bhaineann le hiasachtaíochtaí chomh maith le hairgead agus coibhéisí airgid i láthair sa chuntas Brabúis agus Caillteanais in ‘ús iníoctha/infhaighte’. Cuirtear gach gnóthachan agus caillteanas airgeadra eachtraigh eile i láthair sa chuntas Brabúis agus Caillteanais i ‘speansais riaracháin’.
Sochair fostaithe
Cuireann an Chuideachta réimse sochar ar fáil d’fhostaithe, lena n-áirítear socruithe, lena n-áirítear sochair ghearrthéarmacha fostaí mar shocruithe maidir le saoire íoctha agus sochair iarfhostaíochta ar nós pleananna pinsin le sochar sainithe agus le ranníocaíocht shainithe agus socruithe bliantúla bónais, le haghaidh fostaithe áirithe.
(i) Sochair ghearrthéarmacha
Déantar sochair ghearrthéarmacha, lena n-áirítear pá agus tuarastail, pá saoire agus sochair neamhairgeadais eile dá shamhail a aithint mar chostas sa tréimhse ina mbaintear leas as an tseirbhís.
Feidhmíonn an Chuideachta plean bliantúil bónais le haghaidh fostaithe áirithe. Aithnítear speansas sa chuntas Brabúis agus Caillteanais nuair atá oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe reatha ar an gCuideachta íocaíochtaí a dhéanamh faoin bplean mar thoradh ar imeachtaí san am atá thart agus nuair is féidir an oibleagáid a mheas go hiontaofa.
(ii) Sochair iarfhostaíochta
Plean ranníocaíochtaí sainithe
Feidhmíonn an Chuideachta plean ranníocaíochta sainithe dá cuid fostaithe. Is é atá i bplean ranníocaíochta sainithe ná plean pinsin faoina n-íocann an Chuideachta ranníocaíochtaí sainithe le haonán ar leithligh. Nuair atá na ranníocaíochtaí íoctha níl aon oibleagáidí íocaíochta eile ar an gCuideachta. Aithnítear na ranníocaíochtaí mar speansas nuair atá siad dlite. Taispeántar méideanna nár íocadh i bhfabhruithe sa Chlár Comhardaithe. Coimeádtar sócmhainní an phlean scartha ón gCuideachta i gcistí a riartar go neamhspleách.
Plean pinsin le sochair sainithe
Feidhmíonn an Chuideachta plean sochair sainithe d’fhostaithe áirithe. Faoi phlean sochair sainithe, sainítear an sochar pinsin a gheobhaidh fostaí nuair a rachaidh siad ar scor, rud a bhraitheann de ghnáth ar fhachtóirí éagsúla ar nós aoise, fad seirbhíse agus luach saothair. Is é atá i bplean sochair sainithe ná plean pinsin nach plean ranníocaíochta sainithe é. Is é an dliteanas a aithnítear sa Chlár Comhardaithe i dtaobh an phlean sochair sainithe ná luach reatha an oibleagáid sochair sainithe ag deireadh an dáta tuairiscithe lúide luach cóir shócmhainní an phlean ar an dáta tuairiscithe.
Déantar an oibleagáid sochair sainithe a ríomh agus úsáid á baint as modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa. Fostaíonn an Chuideachta achtúirí neamhspleácha gach bliain chun an oibleagáid a ríomh. Socraítear an luach reatha trí na híocaíochtaí measta don todhchaí a lascainiú agus úsáid á baint as torthaí margaidh ar bhannaí corparáide ardchaighdeáin atá ainmnithe in Euro agus a bhfuil téarmaí ag gabháil leo atá isteach is amach le tréimhse mheasta na n-íocaíochtaí sa todhchaí.
Déantar luach cóir an phlean a thomhas i gcomhréir leis an ordlathas luacha chóir faoi FRS 102 agus de réir bheartas an Chuideachta do shócmhainní cosúil leis atá á coimeád aici. Maidir leis an gcuid is mó de shócmhainní plean is ionann é sin agus an praghas luaite i margadh gníomhach. Áit nach bhfuil praghsanna luaite ar fáil baintear úsáid as teicnící cuí um luacháil chun an luach cóir a mheas.
Tá costas an phlean sochair sainithe, atá aitheanta i mbrabús nó caillteanas mar chostais fostaí, ach amháin áit a bhfuil sé cuimsithe i gcostas sócmhainne, déanta suas mar seo a leanas:
(a) an méadú ar dhliteanas sochair phinsin ag eascairt ó sheirbhís an fhostaí le linn na tréimhse; agus
(b) an costas as tabhairt isteach an phlean, athruithe ar shochair, ciorrúcháin agus socraíochtaí.
Déantar an glanchostas úis a ríomh agus an ráta lascaine á chur i bhfeidhm ar ghlanmhéid an oibleagáid sochair sainithe agus luach cóir shócmhainní plean. Aithnítear an costas sin i mbrabús nó caillteanas mar ‘costas airgeadais eile’.
Maidir le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha ag eascairt ó choigeartuithe agus athruithe taithí ar bhoinn tuisceana achtúireacha cuirtear de mhuirear nó chun sochar Ioncaim Chuimsithigh Eile iad. Cuirtear na méideanna sin i dteannta leis an toradh ar shócmhainní plean, lúide méideanna curtha san áireamh i nglanús, i láthair mar ‘atomhas ar ghlandliteanas sochair sainithe’ in Ioncam Cuimsitheach Eile.
Cánachas
Cuimsítear sa chostas cánachais le haghaidh na tréimhse an cháin reatha agus an cháin iarchurtha arna n-aithint sa tréimhse tuairiscithe. Aithnítear cáin sa chuntas Brabúis agus Caillteanais, ach amháin sa mhéid is a bhaineann sí le míreanna aitheanta in Ioncam Cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas. Sa chás sin, aithnítear an cháin freisin san ioncam cuimsitheach eile nó ar bhonn díreach sa chothromas faoi seach.
Ní dhéantar lascainiú ar shócmhainní agus dliteanais cánachais reatha ná iarchurtha.
(i) Cáin reatha
Is ionann an cháin reatha agus an méid cánach ioncaim is iníoctha ar an mbrabús inchánach don bhliain nó do bhlianta roimhe sin. Déantar an cháin a thomhas ar bhonn rátaí cánach agus dlíthe cánach atá achtaithe nó achtaithe go substaintiúil faoi dheireadh na tréimhse. Déanann an lucht bainistíochta measúnú tréimhsiúil ar sheasaimh arna nglacadh i dtuairisceáin chánach i leith cásanna ina bhfuil an rialachán cánach is infheidhme faoi réir léirmhínithe. Nuair is cuí, bunaíonn siad forálacha ar bhonn na méideanna a meastar a íocfar leis na húdaráis chánach.
(ii) Cáin iarchurtha
Eascraíonn an cháin iarchurtha as na difríochtaí uainiúcháin, arb iad na difríochtaí idir na brabúis inchánacha agus an t-ioncam cuimsitheach iomlán mar atá luaite sna ráitis airgeadais. Eascraíonn na difríochtaí uainiúcháin sin ó chuimsiú ioncaim agus costas sna measúnachtaí cánach i dtréimhsí seachas na cinn ina n-aithnítear iad sna ráitis airgeadais.
Aithnítear cáin iarchurtha ar na difríochtaí uainiúcháin go léir ag an dáta tuairiscithe faoi réir eisceachtaí áirithe. Ní aithnítear caillteanais chánach neamhfhaoisimh ná sócmhainní cánach iarchurtha eile ach amháin nuair is dócha go ndéanfar iad a aisghabháil i gcoinne aisiompú dliteanas cánach iarchurtha nó brabús eile inchánach sa todhchaí.
Déantar an cháin iarchurtha a thomhas de réir rátaí cánach agus dlíthe cánach atá achtaithe nó achtaithe go substaintiúil faoi dheireadh na tréimhse agus a mheastar a bheith infheidhme i leith aisiompú na difríochta uainiúcháin.
Míreanna eisceachtúla
I ráiteas ioncaim na Cuideachta aithnítear míreanna eisceachtúla astu féin. Is é atá i míreanna eisceachtúla ná iad siúd nach mór, dar linn, iad a nochtadh astu féin mar gheall ar a méid, a nádúr nó minicíocht. Creideann an Chuideachta gur féidir anailís bhreise a dhéanamh nuair a dhéantar an saghas sin cur i láthair mar go dtarraingítear aird ar mhíreanna eisceachtúla. I measc na míreanna sin tá gnóthachain ar dhiúscairt sócmhainní agus costais as athstruchtúrú gnó sa mhéid is go bhfuil siad suntasach.
Chuige sin úsáidtear fachtóirí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun ‘míreanna eisceachtúla’ a shocrú de réir mar a shainíonn muid féin iad. Úsáideann an Chuideachta breithiúnas chun na míreanna áirithe a mheas, atá nochta i ráiteas ioncaim na Cuideachta agus i nótaí bainteacha mar mhíreanna eisceachtúla, mar gheall ar a méid, a nádúr agus a minicíocht.
Athaicmiú
Rinneadh méideanna ábhartha áirithe ón mbliain roimhe a athaicmiú chun iad a ailíniú le cur i láthair na míreanna sin sa tréimhse reatha.
Ionstraimí airgeadais
Tá roghnaithe ag an gCuideachta Alt 11 agus 12 de FRS 102 a ghlacadh maidir le hionstraimí airgeadais.
(i) Sócmhainní airgeadais
Aithnítear sócmhainní bunúsacha airgeadais, lena n-áirítear trádáil agus infháltais eile, airgead tirim agus iarmhéideanna bainc agus éarlaisí gearrthéarmacha, aithnítear iad ó thús ar phraghas an idirbhirt, ach amháin más idirbheart maoiniúcháin é an socrú, i gcás go dtomhaistear an t-idirbheart ar luach reatha na bhfáltas amach anseo agus lascainiú déanta air ar ráta ús margaidh.
Déantar a leithéid de shócmhainní a thabhairt ar aghaidh ina dhiaidh sin ar chostas amúchta, agus modh an úis ghlain á úsáid.
Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déantar measúnú ar shócmhainní airgeadais a tomhaiseadh ar chostas amúchta, d’fhonn fianaise oibiachtúil de bhearnúchán a fháil. Má tá an tsócmhainn bearnaithe, is ionann an caillteanas bearnúcháin agus an difríocht idir an luach tugtha ar aghaidh agus luach reatha na sreafaí measta airgid thirim a bhfuil lascainiú déanta orthu ar ráta bunaidh úis glan na sócmhainne. Aithnítear an caillteanas bearnúcháin mar bhrabús nó caillteanas.
Más amhlaidh, i mbliain airgeadais ina dhiaidh sin, go laghdaítear méid chaillteanas lagaithe agus gur féidir ceangal oibiachtúil a dhéanamh idir an laghdú agus imeacht a tharla tar éis gur aithníodh an lagú cealaítear an caillteanas lagaithe a aithníodh roimhe sin. Bíonn an oiread freaschuir i gceist nach sáraíonn an tsuim ghlanluacha reatha an méid a bheadh sa tsuim ghlanluacha mura mbeadh an bearnú aitheanta roimhe seo. Aithnítear an freaschur lagaithe mar bhrabús nó mar chaillteanas.
Déantar sócmhainní airgeadais a dhí-aithint nuair atá (a) na cearta conarthacha i leith na sreafaí airgid ón tsócmhainn tar éis dul in éag nó socraithe, nó (b) nuair a aistrítear na rioscaí agus luaíochtaí go léir a bhaineann le húinéireacht an tsócmhainn airgeadais go substainteach go páirtí eile nó (c) nuair a aistrítear rialú an tsócmhainn airgeadais go páirtí eile a bhfuil sé de chumas praiticiúil aige/aici an tsócmhainn a dhíol go haontaobhach le tríú páirtí neamhghaolmhar gan srianta breise a chur i bhfeidhm.
(ii) Dliteanais airgeadais
Aithnítear sócmhainní bunúsacha airgeadais, lena n-áirítear trádáil, infháltais eile agus iasachtaí bainc; aithnítear iad ó thús ar phraghas an idirbhirt, ach amháin más idirbheart maoiniúcháin é an socrú, i gcás go dtomhaistear an ionstraim féich ar luach reatha na bhfáltas amach anseo agus lascainiú déanta air ar ráta ús margaidh le haghaidh ionstraim fiachais den chineál céanna.
Déantar na dliteanais sin a thabhairt ar aghaidh ina dhiaidh sin ar chostas amúchta, agus modh an ráta úis ghlain á úsáid.
Aithnítear táillí a íoctar ar bhunú saoráidí iasachtaí mar chostais idirbhirt na hiasachta sa mhéid is gur dócha go mbeidh cuid den tsaoráid nó í go léir tarraingthe anuas. Sa chás seo, tá an táille iarchurtha go dtí go dtarlóidh an tarraingt anuas. Déantar costais agus táillí idirbhirt a amúchadh thar shaolré na hiasachta.
Is oibleagáidí iad méideanna iníoctha trádála íoc as earraí nó seirbhísí atá faighte sa ghnáthchúrsa gnó ó sholáthraithe. Aicmítear cuntais iníoctha mar dhliteanais reatha má tá an íocaíocht dlite taobh istigh de bhliain amháin nó níos lú. Mura bhfuil, léirítear iad mar dhliteanais neamhreatha. Aithnítear méideanna iníoctha trádála ar dtús ar phraghas idirbhirt agus tomhaistear iad ina dhiaidh sin ar chostas amúchta trí mhodh an úis ghlain.
Déantar dliteanais airgeadais a dhí-aithint nuair a chuirtear deireadh leis an dliteanas, is é sin, nuair a dhíscaoiltear an oibleagáid chonarthach, nuair a chuirtear ar ceal í nó nuair a théann sí in éag.
(iii) Díorthaigh
Ní ionstraimí airgeadais bunúsacha iad díorthaigh, agus malairtí ráta úis agus réamhchonarthaí i malairt eachtrach san áireamh.
Aithnítear díorthaigh ar dtús ag luach cóir ar an dáta a dtéitear isteach i gconradh díorthaigh agus ina dhiaidh sin déantar iad a atomhas ag a luach cóir. Aithnítear athruithe ar luach cóir díorthach i mbrabús nó caillteanas i gcostais airgeadais nó ioncaim mar is cuí. Ní chuireann an Chuideachta cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm faoi láthair i gcás dhíorthaigh ráta úis nó malairte eachtraí.
(iv) Fritháireamh
Déantar sócmhainní agus dliteanais airgeadais a fhritháireamh in éineacht leis na glanmhéideanna atá curtha i láthair sna ráitis airgeadais nuair atá ceart in-fheidhmithe ann na méideanna aitheanta a fhritháireamh agus go bhfuil intinn ann socrú a dhéanamh ar ghlanbhunús nó an tsócmhainn a réadú agus socrú dliteanais a dhéanamh ag an am céanna.
Forálacha agus teagmhais
Is é atá i bhforálacha ná dliteanais nach bhfuil am ná méid cinnte ag gabháil leo.
Aithnítear forálacha nuair a bhíonn oibleagáid dlí nó oibleagáid inchiallaithe reatha ar an gCuideachta de thoradh teagmhas a tharla roimhe seo, is dóchúil go mbeidh aistriú tairbhí eacnamaíocha ag teastáil chun an oibleagáid a shocrú agus is féidir méid na hoibleagáide a mheas go hiontaofa.
Déantar forálacha a thomhas ag luach reatha an mheastacháin is fearr ar an méid a theastaíonn chun an oibleagáid a shocrú agus úsáid á baint as ráta réamhchánach a léiríonn measúnuithe reatha an mhargaidh ar luach ama an airgid agus na rioscaí atá sonrach don dliteanas. Déantar forálacha a athbhreithniú ag deireadh gach bliana airgeadais agus déantar coigeartú orthu chun go léireofaí an meastachán reatha is fearr ar an méid a theastaíonn chun an oibleagáid a shocrú. Aithnítear leachtú na lascaine mar chostas airgeadais i mbrabús nó caillteanas, agus é curtha i láthair mar chuid de ‘ús iníoctha agus muirir chosúla’ sa bhliain airgeadais ina dtagann sé chun cinn.
Nuair atá roinnt oibleagáidí comhchosúla ann, cinntear an dóchúlacht go mbeidh gá le heis-sreabhadh mar shocrú, cinntear é trí aicme na n-oibleagáidí a bhreithniú ina hiomláine.
I gcás dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as teagmhais a tharla roimhe seo, ní aithnítear mar dhliteanas iad mar ní dócha go mbeidh ar an gCuideachta tairbhí eacnamaíocha a aistriú chun an oibleagáid a shocrú, é sin nó ní bheifear in ann an méid a thomhas go hiontaofa ag deireadh na bliana. Aithnítear oibleagáidí féideartha ach éiginnte mar dhliteanais ach is dliteanais teagmhasacha iad. Nochtar dliteanais theagmhasacha sna ráitis airgeadais ach amháin mura dócha in aon chor go dtarlóidh eis-sreabhadh acmhainní.
Ní aithnítear sócmhainní teagmhasacha. Nochtar sócmhainní teagmhasacha sna ráitis airgeadais nuair is dócha go dtarlóidh insreabhadh tairbhí eacnamaíocha.
Dáileadh ar shealbhóirí cothromais
Aithnítear díbhinní agus dáileadh eile ar scairshealbhóirí na Cuideachta mar dhliteanas sna ráitis airgeadais le linn na tréimhse ina bhfaomhann scairsealbhóirí na Cuideachta díbhinní agus dáileadh eile. Aithnítear na méideanna sin sa ráiteas mar athruithe ar chothromas. Aithnítear díbhinní eatramhacha nuair a íoctar iad.
Scairchaipiteal
Aicmítear gnáthscaireanna mar chothromas agus aithnítear iad ag na fáltais a fhaightear. Maidir le costais incriminteacha atá inchurtha go díreach i leith cheist na ngnáthscaireanna nó na roghanna nua, taispeántar i gcothromas iad mar dhéaduchtú, glan ó cháin, ó na fáltais.
Cuntais Tuála
Is ionann ioncam tuála agus ioncam díreach a ghearrtar bunaithe ar úsáid. Áirítear le costais tuála ábhair dhíreacha, saothar díreach agus sciar cuí de na forchostais ábhartha, arna gcionroinnt ar an mbonn seo a leanas:
Forchostas | Bonn na cionroinnte |
---|---|
Rátaí | Meánúsáid in aghaidh an tuga |
Árachas | % den ioncam tuála |
Leictreachas | Meánúsáid in aghaidh an tuga |
Teileachumarsáid | % d'iomlán na teileachumarsáide |
Riarachán | % den chostas iomlán |